Níl aon sonraí ag na Gardaí faoi líofacht Gaeilge a gcuid ball
RTÉ News · Breandán Delap ·
Níl aon chóras i bhfeidhm ag an nGarda Síochána le sonraí nó figiúirí oifigiúla a bhailiú faoi líofacht Gaeilge na n-earcaithe nua uilig.
Tá sé tugtha le fios ag an nGarda Síochána do Nuacht RTÉ go bhfuil siad ag ullmhú ceistneora faoi láthair maidir le líofacht na Gaeilge i measc bhaill an fhórsa.
Thug siad le fios fosta nach bhfuil aon chóras i bhfeidhm ag na Gardaí i láthair na huaire le sonraí nó figiúirí oifigiúla a bhailiú faoi líofacht teanga na n-earcaithe nua uilig.
Dúirt an Garda Síochána nach féidir líon iomlán na nGardaí a bhfuil líofacht Ghaeilge acu a ríomh, bunaithe ar an líon Gardaí a roghnaíodh trí an sruth speisialta do chainteoirí Gaeilge.
Read the full story at RTÉ News · All coverage of this story